ar ais go clár cinn

Ceisteanna a Chuirtear go Minic

(FAQs)

Mná ag lorg fear

Fir ag lorg ban

Cé mhéad a chosnaíonn GaelGhrá.html?

Diabhal pingin! Tá an tseirbhís saor in aisce go huile agus go hiomlán! Bain úsáid as an suíomh chomh minic is ba mhaith leat agus ní chosnóidh sé pingin rua ort.

Cén chaoi ar féidir liom na fógraí pearsanta a fheiceáil?

Más fógraí ó mhná atá tú ag iarraidh a fheiceáil, roghnaigh an nasc Mná ag lorg fear ar an gclár cinn (gaelghra.tripod.com).

Más fógraí ó fhir atá tú ag iarraidh a fheiceáil, roghnaigh an nasc Fir ag lorg ban ar an gclár cinn (gaelghra.tripod.com).

Cén chaoi ar féidir liom m'fhógra féin a chur ar an suíomh?

Más bean thú, roghnaigh an nasc Mná ag lorg fear ar an gclár cinn. Nuair a bhainfidh tú an leathanach sin amach, brúigh an nasc Sign this Guestbook. Tabharfar thú go foirm iontrála ar a mbeidh tú in ann do fhaisnéis agus teachtaireacht bheag a chur chuig an ríomhfhreastalaí (server).

Más fear thú, roghnaigh an nasc Fir ag lorg ban ar an gclár cinn. Nuair a bhainfidh tú an leathanach sin amach, brúigh an nasc Sign this Guestbook. Tabharfar thú go foirm iontrála ar a mbeidh tú in ann do fhaisnéis agus teachtaireacht bheag a chur chuig an ríomhfreastalaí (server).

An bhfuil cead agam níos mó ná fógra amháin a chur ar an suíomh?

Tá, ach ná téigh thar fóir! Má tá do sheanfhógrá fós sofheicthe ar an suíomh, ná cuir fógra eile leis. Ach má tá do sheanfhógra i bhfad ó leathanach tosaigh an guestbook, tá fáilte romhat fógra úr a chur ar an suíomh.

Cé na háiseanna eile a bheidh ag teacht?

Tá súil agam féilire d'imeachtaí Gaeilge a chur leis an suíomh. Céard ba mhaith leat féin a bheith ann? Seol ríomhphost chuig: <níl an t-eolas seo le fáil i láthair na huaire>

Aon rud eile?

Bí cinnte cuairt a thabhairt ar na nascanna eile atá liostáilte ar an gclár cinn le tuilleadh eolais a fháil faoi shaol na Gaeilge in Eirinn agus in imigéin.

ar ais go clár cinn