ar ais go clár cinn

Eolas faoi GaelGhrá.html

Mná ag lorg fear

Fir ag lorg ban

Is seirbhís dátála saor in aisce é GaelGhrá.html. Is é leagan amach an tsuímh ná fógraí pearsanta a chuireann na cuairteoirí féin leis an suíomh. Chun na fógraí a fheiceáil, téigh go dtí an clár cinn (aka an leathanach baile = gaelghra.tripod.com) agus roghnaigh an fóram Mná ag lorg fearFir ag lorg ban. Nuair a bhaineann tú do rogha leathanaigh amach, feicfidh tú na fógraí pearsanta. Má chuaigh tú go dtí an leathanach Mná ag lorg fear, feicfidh tú fógraí ó mhná; má chuaigh tú go dtí an leathanach Fir ag lorg ban, feicfidh tú fógraí ó fhir. Má ba mhaith leat do fhógra féin a chur ar an suíomh, téigh go dtí an fóram cuí (m.s. Mná ag lorg fear más bean thú) agus brúigh an nasc Sign this guestbook. Tógfar go foirm iontrála thú. Sin é! Nach furasta an rud é! Tá súil againn go mbainfidh tú sult as an suíomh ar fad!

Bunaíodh GaelGhrá.html (gaelghra.tripod.com) i lár Mhí an Mhárta 2001 chun deis a thabhairt do Ghaeilgeoirí na hEireann agus an domhain ar fad aithne a chur ar a chéile. Is é Labhrás Mac Muiris, mac léinn iarchéime ag Ollscoil Harvard, an t-údar leis an suíomh. Má ba mhaith leat teacht i dteagmháil leis an údar, seol ríomhphost chuig: <níl an t-eolas seo ar fáil i láthair na huaire>

Ceann de na cúiseanna leis an laghdú atá tar éis teacht ar an líon daoine a labhraíonn an Ghaeilge ná daoine le Gaeilge gan a bheith ag casadh ar dhaoine eile a bhfuil cumas agus spéis acu sa nGaeilge. Mara gcasann siad ar a chéile, ní phósfaidh siad a chéile, ar ndóigh, agus ní thógfar clann a bhfuil an Ghaeilge mar chéad teanga aici. Seans go gcuideoidh GaelGhrá.html leis an bhfadhb bhunúsach seo a réiteach trí phobal singil na Gaeilge a thabhairt le chéile.